Torthaí cuardaigh - Winehouse, Amy
Amy Winehouse
Ceolchumadóir agus amhránaí Sasanach a bhí in Amy Jade Winehouse (14 Meán Fómhair 1983 – 23 Iúil 2011). Amhránaí d'ard-cháil a bhí inti, agus rath agus duaiseanna bainte amach aici mar chontralt sna seánraí rithim agus na gormacha (R&B), ceol sól agus snagcheol.Cé go raibh an-mheas uirthi mar cheoltóir, tharraing Winehouse mí-cháil uirthi féin freisin mar thoradh ar mhí-úsáid drugaí agus alcóil, agus na géar-fhadhbanna sláinte a lean as. Chuir na fadhbanna seo go mór isteach uirthi agus ar a stádas mar cheoltóir den scoth, agus d'éag sí dá bharr sa deireadh. Arna chur ar fáil ag Vicipéid