Torthaí cuardaigh - Luigi
Luigi
|portrayer=Danny Wells (''The Super Mario Bros. Super Show!'')John Leguizamo (''Super Mario Bros.'')|species=Duine|family=Mario (leathchúpla dearthár)|nationality=Iodálach (cluichí)
Meiriceánach Iodálach (scannáin)|occupation=Pluiméir|gender=Fear}} Category:Articles with short description Category:Short description is different from Wikidata Is carachtar ficsin atá le feiceáil sna cluichí ríomhairí de chuid Nintendo é Luigi (Seapáinis: ルイージ). Chruthaigh an dearthóir cluichí ríomhairí Shigeru Miyamoto é mar leathchúpla dearthár agus cúntóir Mario. Tá clú agus cáil ar an gcuma cineálta ach cladhartha atá air. Feictear é i go leor cluichí sa tsraith cluichí Mario, agus is minic a bhíonn sé ag tacú lena dheartháir sna cluichí.
Chonacthas Luigi den chéad uair i 1983, sa chluiche ‘Mario Bros.’ ar an gconsól ‘Game and Watch,’ (trí mhí roimh an gcluiche ionaid siamsaíochta den ainm céanna). Sa chluiche seo, is é an carachtar a rialaíonn an dara himreoir, agus bíonn an ról céanna aige i mórchuid na gcluichí ina bhfeictear é, (‘Mario Bros.’, ‘Super Mario Bros.’, ‘Super Mario Bros. 3’, agus ‘Super Mario World’, mar shampla). Bhí sé ar fáil mar phríomhcharachtar den chéad uair i ‘Super Mario Bros. 2’, agus níos luaithe sa tsraith cluichí ‘New Super Mario Bros.’, (‘New Super Mario Bros. Wii,’ ‘New Super Mario Bros. U,’ agus ‘New Super Luigi U’ go sonrach). Le déanaí, bhí Luigi le feiceáil i macshraitheanna, na sraitheanna ‘Mario Party’ agus ‘Mario Kart,’ mar shampla, ach tá cluichí dá chuid féin aige sna cluichí ‘Luigi's Hammer Toss’, ‘Mario is Missing’, ‘Luigi's Mansion’, ‘Luigi's Mansion: Dark Moon’, ‘Dr. Luigi’, ‘New Super Luigi U’, ‘Luigi's Mansion Arcade’, agus ‘Luigi's Mansion 3’. I mórchuid na gcluichí seo, bíonn air éirigh isteach san laochas nuair atá Mario i mbaol. Bhí sé i ngach eipeasóid den chlár teilifíse ‘DiC’ chomh maith. clé|mion|Lógó ‘Bliana Luigi’ Ar dtús, bhí Luigi ina malartú pailéid de Mario, gléasta in éadaí glasa in ionad éadaí dearga. Ó shin, áfach, tháinig stíl agus pearsantacht éagsúla ar an gcarachtar. Tá sé níos airde agus níos tanaí ná Mario, agus tá pearsantacht mheata agus chiotach aige in ionad pearsantacht cróga, muiníneach Mario. Ó mí Márta, 2013, go dtí mí Márta, 2014, rinne Nintendo ceiliúradh ar an gcarachtar le ‘Bliain Luigi,’ agus 30 bliain slánaithe aige. I rith 2013, cuireadh béim ar Luigi sna cluichí Mario. Bhí leagan ar leith de ‘Mario Bros.’ darbh ainm ‘Luigi Bros.’ san áireamh sa chluiche ‘Super Mario 3D World’ mar chuid den cheiliúradh seo. Arna chur ar fáil ag Vicipéid