Torthaí cuardaigh - Hansard, Glen, 1970-
Glen Hansard
Is é Glen Hansard (rugadh i mBaile Átha Cliath, 21 Aibreán 1970) an príomhamhránaí agus giotáraí leis an mbanna rac-cheoil Éireannach ''The Frames''. Tháinig clú agus cáil air tar éis dó páirt a ghlacadh sa scannán Alain Parker ''The Commitments''. Ghlac sé páirt an tseinnteora giotáir ''Outspan Foster''. Bhí aiféala air gur ghlac sé leis an bpáirt seo i ndiaidh an scannáin mar thóg sí aird óna shlí bheatha mar cheoltóir, dar leis. Sa bhliain 2003 bhí sé mar láithreoir ar chlár RTÉ ''Other Voices: Songs from a Room'', taispeántas den tallann ceoil neamhspleách atá le fáil in Éirinn. Sa bhliain 2006 seoladh dlúthdhiosca darbh ainm The Swell Season, ceirnín a rinne Hansard leis an gceoltóir Seiceach Markéta Irglová.Sa bhliain 2007 tháinig an scannán ''Once'' amach le Hansard agus Irová mar phríomhcharachtair ann. Ba é John Carney, iar-sheinnteoir dordghiotáir leis na Frames, a bhí mar stiúrthóir ar an scannán.
Ba bhall mór le rá é den ghrúpa gniomhaíoch ''Home Sweet Home'' a ghlac seilbh ar iar-oifigí i dTeach Apollo ar Shráíd an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath, mar fhoscadán do dhaoine gan dídean idir 15 Nollaig 2016 agus 12 Eanáir 2017. Bhí orthu an foirgneamh a fhágáil faoi dheireadh mar gheall ar ordú cúirte ach tharraing an eachtra seo aird ar straitéis an rialtais Éireannaigh do dhaoine gan dídean. Arna chur ar fáil ag Vicipéid